Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 330

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 330
  3. XML “Seanchainteanna Cumtha san Oileán Tiar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-cainnteanna cúmtha san Oileán Tiar.
    1: Tá... in a bheathaidh ó bhí gal i dtig Bheiginnis.
    Oileán beag iseadh Beiginnis ós cómhair an Oileáin seo amach. Tá fothrach seana-thíghe ann ach is mo bliaidhain ó áitrígheadh é.
    2: (a) Súile dearga ar chuma Phicir (ainm madra ab'eadh Picker go raibh súile dearga aige).
    (b) Ag cuardach sa buailteacha ar chuma Phicir (Bhíodh Picker ag cuardach rud le nitheadh mar ná bíodh a mháighistir puinn'na chúram).
    3: "Is feárr pota fe'n dtaoide ná císde dóighte" fé mar adubhairt Mic nuair a bhí an císde 'á bhácáil in Innis-Mic-Fhaoláin aige agus an t-iascaire ag glaodhach amach air.
    4: "Tá sí ag dul ar an gcloich orm". (sí = naomhog) adeirtear annso nuair a bhíonn cúram mór nó fotharaga ar dhuine sa tig, nó b'féidir a lán daoine timcheall na cistineach agus bean an tighe ag obair.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge