Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Seanscoileanna”
  4. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair a tháinig se chúgham féin. Do cuimhnigeas agus dubhart "feirmeóir". An oidhche roimis sin do bhí an máighist(ir) ag léigheamh mar gheall ar fheirmeóir is chuir na báillí amach as a gchuid talmhan thíos i lár na hÉirean. Ba mhór an salt a bhaineamair as. act tá'sa aige Dia go raibh sé agam.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí úrlár cláracha sa scoil agus ceann tuig(he) uirthe. Do briseadh na cláracha agus sé Seán Módhráin féin a chaith amach é. Annsan isteach bhí úrlár cré agus luigeanna agus claiseanna innte. Is minic a cuireadh an máighistir isteach go dtí an gclár dubh sinn. Deireadh an duine istig leis an ndream a bhiodh timcheall na ranga amuich cuir i gcás "trí agus a sé". Cad a dheineadh an dream amuigh ná a naoi a sgríobh le na n-órdóig ar an úrlár
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge