Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 522

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 522

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 522
  3. XML “Scéal - Písín”
  4. XML “Scéal - Conas mar Fuair Brian Bean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Brian ag teacht 'on n-Daingean oidhche bhí sé déanach agus bhí sé ag gabháil thar lios Chnoc na h-abha. Chualaidh sé an ceol sa lios. Chrom sé ar rinnce. "Is bréagh an rinnceoir an fear amuig" arsa duine istig. Chualaidh sé an chainnt. "Cuiridh amach bean chugam" ar seisean. Cuireadh, rug sé ar láimh uirthe agus dhein sé bobhta breágh rinnce. Labhair sí leis agus arsa sí "Anois a thugadar leo me ó iochtar na h-Éireann agus ní dhitheas aon phioc dá g-cuid bídh fós".
    "Tabharfaid mé liom thu" ar seisean lei. "Más féidir leat ar sí sin. Nuair a bhí a bhobhta déanta aige "Tá deiridh agaibh lei seo" arsa sé. "Tabharfadsa líom í is fada mé gan bean". Rug sé ar láimh uirthe agus bhí sé ag cur a bhóthair do. Ghluais sean duine beag na ndiaidh. Chaith sé saighead lei agus bhí sí annsan bodhar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Padruig Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Márthain, Co. Kerry