School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 103
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aon tráthnóna amháin chuaidh sé isteach sa tséipéal agus thuit a chodladh air. Ní dhúisig sé go dtí timcheall an mheadhon-oidhche, timcheall na Bealtaine dob 'eadh é agus bíonn an aimsir sin ana dhiamhain.
Tar éis tamaill bhuail fear isteach chuige agus dúbhairt sé leis go mbuailfead trí dreamanna leis anocht agus gan an slighe bheathadh a bhí aige féin a dhíol le aoinne, dúbhairt sé ná fuil aon chorp sa roilig ná éirigheann am éigin sa bhliadhan agus go bhfuil siad le h-éirighe anocht agus go mbuailfidís leis nuair a raghadh sé amach agus go malartóchfaidís slighe bheathadh leis agus gan a dhéanamh.
Nuair a ghaibh sé amach chonnaic sé radharc daoine amuigh. Bhi cuid aca stracaighthe stolta agus (cuid aca stracaighthe) culaiteanna gléigeal bán ar chuid eile aca. Bhí na sluaighte aca ann. An dream go raibh na giobail ortha b'iad san na daoine a bhí i bPurgadóireacht agus na daoine go raibh an t-éadach geal ortha b'iad san a bhi i n-Ifreann agus an fear go raibh an chóroinn ar a cheann fear dob'eadh é sin a baisteadh agus é ag fagháil bháis. Chuaidh an fear abhaile agus ní raibh sé ag gearán ar an ndealbhas ó shoin amach.- Collector
- Eibhlín Ní Dhómhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry