Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 103
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aon tráthnóna amháin chuaidh sé isteach sa tséipéal agus thuit a chodladh air. Ní dhúisig sé go dtí timcheall an mheadhon-oidhche, timcheall na Bealtaine dob 'eadh é agus bíonn an aimsir sin ana dhiamhain.
Tar éis tamaill bhuail fear isteach chuige agus dúbhairt sé leis go mbuailfead trí dreamanna leis anocht agus gan an slighe bheathadh a bhí aige féin a dhíol le aoinne, dúbhairt sé ná fuil aon chorp sa roilig ná éirigheann am éigin sa bhliadhan agus go bhfuil siad le h-éirighe anocht agus go mbuailfidís leis nuair a raghadh sé amach agus go malartóchfaidís slighe bheathadh leis agus gan a dhéanamh.
Nuair a ghaibh sé amach chonnaic sé radharc daoine amuigh. Bhi cuid aca stracaighthe stolta agus (cuid aca stracaighthe) culaiteanna gléigeal bán ar chuid eile aca. Bhí na sluaighte aca ann. An dream go raibh na giobail ortha b'iad san na daoine a bhí i bPurgadóireacht agus na daoine go raibh an t-éadach geal ortha b'iad san a bhi i n-Ifreann agus an fear go raibh an chóroinn ar a cheann fear dob'eadh é sin a baisteadh agus é ag fagháil bháis. Chuaidh an fear abhaile agus ní raibh sé ag gearán ar an ndealbhas ó shoin amach.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí