School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 185
- XML “Táilliúirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tómhas éaduigh do bhí acu.
Bhí bannlá tíghe ann agus bannlá margaigh. Bhíodh an bannlá tighe fiche cúig órlaighe ar fhaid, agus an bannlá margaigh fiche cheathair órlaighe. Bhíodh bannlá ins gach tigh beagnach.
Bhídís ana chúramach i dtaobh chasóige na bhfear go mór mór dá mbéadh aon galántacht beag ann. Bhíodh an bhréid cómhruighthe na gcómhar so. Bhí muillean comhgarach chun na bréide do chómhrúgadh - sé sin cnapáin bheaga. do thabhairt amach san éadach.
Bhí fear speisialta sa mhuileann go raibh an ceárd chun a déanta so aige. Úcaire a thugaidís ar an bhfear a bhíodh ag chómhrúgadh na bréide. (Tugtar úcaire leis ar bhric beaga bídeacha san abhainn, spotaí beaga dúbha a dhóigh leat a bheadh ionnta san uisge. Bhíodh garsúin beaga dá marbhú le geitirí. Blúire beag do phiast do chur ar bhárr an gheitire. Ceann an gheitire do sháidh tríd an bpéist is é tharrach i gcoinnibh an tsrotha. Bhaineadh leanbhaí beaga ana cleachtadh as so agus is minic a bhídís na lipíní báidhte mar nách ghnáthach lé port na h-abhann a bheith ró-thirim.
An Toise:- Strosa croiceann caorach a bhíodh mar thoise(continues on next page)- Collector
- Éamonn Ó Cathain
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Leataoibh Beag, Co. Kerry