School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 186
- XML “Táilliúirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag mór chuid des na seana - tháiliúirí. Mannta beag do bhainnt as a chiumhais chun faid an bhrísde, faid na casóige, faid na muinchillí. Ní théigheadh na mannotaí amúgha riamh ortha. Annsan nuair a bhíodh na culaitheanna déanta thiocfaidís lé siosú agus gheárrfaidís an chiúmhas anuas den stropa. Bhíodh a lán stropaí aca.
Drárs agus bhest mhuinchillí a bhíodh ar na fearaibh ach amháin Dia Dómhnaigh nó dá dtéighidís an baile mór Dia Sathairn. Do phlainín a bhídís do déanta. Snáthad lé cró mór a bhíodh dá ndéanamh agus snáth lín a déintí a shníomh aige baile go mbhíodh árd stuif ann, leis sin a fuaghtí é. Bhíodh an lín ag fás ata féin agus déintí éadach lín. Bhíodh léinteacha lín leis ag na fearaibh agus bhíodh brollach breágh glégeal cruaidh lé stairs i gcómhair gach Domhnach agus Sathairn sa bhaile mór. Dheinidís a gcuid stairs féin
Stairs:- Do phrátaí a dheintí é. Scríobaidís na prátaí agus chuiridís isteach i n-éadach scagaithe é agus é d'fháscadh síos i mbodhla nó i(continues on next page)- Collector
- Éamonn Ó Cathain
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Leataoibh Beag, Co. Kerry