Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí an Mhaigdin Mhuire ag éalú len a leanbh ó Betlehem do dein sí féin agus Naomh Brígid suas seift, is é sin nuair a bheadh an Mhaighdean Mhuire ag teiceas as an gCathair go bhfaghadh Brígid roth tuirinn agus go gcuirfead sí coinneal ar lasadh ar gach spóca agus gcuirfeadh sí anáirde ar a cheann iad.
Nuair a bhí san socair acu thainig bríghid agus do las sí na coinnle go léir agus d'imthig sí léi tríd an sráid. Nuair a chonnaic na daoine go léir í do leanadar í mar cheapadar go raibh sí as i meabhair. Annsan d'éaluig an Mhaigdean Mhuire amach as an gcathair agus an leanbh Iosa istig imbrat aici.
Nuair a bhí sí tamall ó'n dtaobh amuigh do'n gcathair do bhuail beirt fhear léi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Ciobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Liaigh, Co. Kerry