Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Ortha an Tromluí (ar lean)
“Bhí bean ag cómhnuighe i gCathair i Treanntaigh fadó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí bean ag cómhnuighe i gCathair i Treanntaigh fadó, fuair sí bás agus bhí leanbh óg timcheall leath bliain sa tig agus ni raibh aon ghaolta aici cun aire a thabhairt don leanbh. Bhí bean na cómhnuige i bhfionn Trágha mar a bhfuil an teampall anois agus thóg sí an leanbh. Ní raibh aon slíghe bheatha ag an mhnaoi ach théigeadh sí go dtí an Daingean gach aon lá agus thugadh sí vliabh arain abhaile tei agus díolfhadh sé é agus deineadh sí tímcheall dá phingin praifid in gach scilling. Aon la amháin bhí an leanbh ana chrosta agus chuir sí a codhladh í agus bhí sé tímcheall a cheathair a clog nuair a cuaidh sé go dtí an Daingean ag triall ar an arán. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile bhí n óidhche ann agus bhí sí cun fanamhaint istig ins an gcéad tig a buailfeadh léi. D'feuch sí isteach tríd an bhfuinneóig agus bhí mórán daoine istig ann agus níor chuaidh sí isteach inaoncor. Nuair a bhí s tamall aníos an bhóthair do léim bean amach tar clóidhe agus bhí sí ag siubhal póimpe ar an mbóthar do iabair an bhean léi agus dubhairt sí léi "Cad a coinnibh amuich chómh déanach san thu. Cad na taobh nár fhanais ins an tig sin thíos anocht? An chéad tig eile a bhuailfhidh leat fan ann go maidean. Sar a mbuailfidh an chéad tig eile leat beidh sluagh mór daoine id choinnibh agus beidh bean ana mhallaithe ar tosach an tsluaigh ach muinfead sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Lubhaing
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill na gColmán, Co. Kerry