Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 122
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ina chómhnuidhe i gCathair Bó Sinne uair amháin agus bhí sé pósta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ina chómhnuidhe i gCathair Bó Sinne uair amháin agus bhí sé pósta. Ní raibh ach aon mhac amháin aige agus nuair a bhí sé an mhac sin dhá bhlaidhain deug d'aois chuaidh sé féin agus a athair go sochruid a bhí i bhfad ó bhaile.
Thugadar leó an capall agus an cairt agus nuair a bhíodar ag teacht abhaile bhí sé ana dhéanach san oidhche. Nuair a shroiseadar Crosaire Na gCeithre Rian do bhuail sochruid leó agus do leabhair bean ruadh leó a bhí i ndeire na sluagha agus dubhairt sí leis an bhfear gan tabhairt fé'n mbóthar abhaile mar go raibh droch spioraid ag Claiseach Na Gainimhe. Ansan dúbhairt sí leis dul isteach go tig eicint agus fanamhaint ann go maidin ach gan dul isteach sa tig ba ghiorra dho in aonchor mar ná raibh aon bhroan uisce coisricighthe sa tig sin agus a rádh leó gan beith gan uisce coisreacan aon oidhche eile mar go ngabhamair na treasna an tighe dhá oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chathair Aird, Co. Kerry