Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí púnt nó mar sin aici cheannuig sí dhá ghabhar chun bainne do'n mbeirt acu.
Do dhíoladh sí braon den mbainne le muinntir na háite agus dhéanfadh sí leath choróinn sa t-seachtmhain as. Sa deire bhí cúpla púnt spártha aici agus bhíodh sí ag eirighe níos saidhbhre gan [?] bliain.
Bhí an mac go h-ana dathamhail agus bhí ana mheas aige air féin. Nuair a bhí sé fiche bliain glaoidh sé "Tighearna Sliabhe an Fhiolair" air féin agus uair chuaidh sé ar thuras go Cill Áirne. Chuaidh sé ag obair i siopa annsan ar feadh trí bliana agus bhí fiche púnt aige ag teacht abhaile agus culaith breágh éadaig. Nuair a tháinig sé abhaile bhí an máthair go hana bhreóidte agus chaith sé furmhór dá chuid airgid léithe. Sa deire ní raibh ach cúpla púnt fágtha aige agus bhí sé ag cuimhneamh ar pósadh ach bhí fhios aige ná pósadh éinne é toisc gan aon slighe bheatha a bheith aige.
Bhí sé ag cuimhneamh ar feadh cúpla lá agus sa deire chuimhnig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Baile Beag, Co. Kerry