Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 464
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí baintreach na cómhnuidhe i bparóiste Fionn Trágha fadó agus bhí aon mac amháin aici.”
Do bhí baintreach na cómhnuidhe i bparóiste Fionn Trágha fadó agus bhí aon mac amháin aici. Amadán mór a beadh an mac san agus tugtí amadánín na bréide glaise air, mar chuir a mháthair go dtí an daingean é lá ag díol bréide glaise. sar a dh'imthig sé dúbhairt a mháthair leis gan sgilling an t-slat d'fhághail air.
Nuair a bhí se leath slíghe ann do tháinig maidrín amach as tig agus do bhí sé ag sgreamhuighil air. Do mheas an t-amadán go raibh an madra ag rádh, "Tabharfadh duit sgilling an t-slat duit air. Chaith sé chuige an bréid, agus dúbhairt sé leis an t-airgead do bheith oireamhnach nuair a bheadh sé ag teacht abhaile mar chuaidh sé féin go dtí an aonach.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chuaidh sé isteach sa tig agus d'iarr sé an t-airgead ortha. Do bhí iongnadh ortha agus dúbhradar ná bhfeacadar aon rud aige an maidrín. Bhí sé ag báisteach agus thug muinntir an tíghe casóg do agus dúbhradar leis é do chuir abhaile lá éiginn eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Na Buachaillí Scoile