Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 488

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 488

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 488
  3. XML “Rásúr an Leasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhì beirt dearbhrathár in a gcómhnuidhe i n-Dhún-Chaoín uair. Ní raibh fód de thalamh na h'Éireann acu agus bhíodar bocht dealbh. Dúbhairt duine acu na beadh san amhlaidh, agus go raghadh sé féin ag lorg a fhoirtún. Lá áirighthe d'éirigh sé ana mhoch, chuir sé chuige lón agus bhailigh leis. Shiúbhlaidh sé go breágh, bhog, socair, agus bhain sé an Daingean amach tímcheall uair meadhon lae. Ar a dhul síos do bhí árthach mór agus adhmadh ínnte tagaidhthe isteach go calaidhthe an Daingin. D'imthigh sé fé dhéin an chalaidhthe ag lorg oibre. "Ach mo chreach ní bhfuair". Bhailigh sé leis arís agus é go brónach buadhartha, fé dhéin Tráighlí. Nuair a bhí sé tamall amach ó'n n'Dhaingean, shuidh sé síos ar thaobh an bhóthair agus d'ith sé pé lón a bhí aige. Gheallaim duit ach ní bhaineann sin lem sgéal. Siúd leis arís ar bhog shodair mar bhí eagla air go mbéadh an oidhche aige sar a mbainfeadh sé Tráighlí amach. Nuair a bhí sé ag déunamh isteach ar Tráighlí bhí sé cortha traochta agus na glúine ag lúbach fé. Shúil fheucaint dá dtug sé isteach sa choill
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Gairbhíadh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Chótaigh, Co. Kerry