Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar sé agus má sé do thoil é an dtaispéainfá dhom an casán atá ag dul go dtí an baile sin thiar. Suidh annsan go fóill mar tá an buachaill aimsire ag dul siar ag triall ar bheithídig láithreach agus taisbeánfhaid sé an áit duit. D' imthigheadar ortha annsan, agus chuadar chómh fada is do bhí na beithígh. Shuidheadar cois claidhe ag cainnt, bíodh gal tobac againn i dteannta a chéile ar san bacach anois.
Nuair do bhí an gal tógtha aca rug an bacach ar chúl cínn ar an mbhuachaill. Marbhóchaidh mé anois tú arsa an bacach. An gcuímhnígheann tusa ar an lá do ghoidis an capall uaim-se. Ná mairbh anois mé arsa an buachaill, gaibh isteach amáireach agus beidh an máighistir agus an mhaighisteas inthighthe as baile agus tabharfhad a bhfuil sa t-shaoghal aca dhuit i-n-inead an capaill. Bhí san go maith, tháinig an bacach an lá do bhí chúghainn. Do bhí corcán mór uisce air an dteine chun sgoltacháin. Phreab an bacach isteach agus shuid istig go dtáinig an buachaill aimsire.
Tháinig an buachaill aimsire isteach. Teanam anois as siesean agus taispeáinfhad duit, cá bhfuil an t-airgead aige'm mháigistir. Siubhlaidh annsan síos annsan arsha an buachaill. Fuair an cailín stan uisce(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó h-Ualacháin
- Seoladh
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Siobhán
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75