Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 515

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 515

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 515
  3. XML “Scéal - Fathach na dTrí gCeann is na dTrí mBeann is na dTrí Muinéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí garsún ann fadó agus aon lá amháin dubhairt sé lé na mháthair go gcaithfeadh sé imeacht agus pinghin éigin airgidh a thuilleamh do féin. D'imthig sé leis agus bhí sé ag imtheacht riamh agus choidhche go mbhuail fear leis. D'fhiafhruig an fear do cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ag lorg oibhre. "Is maith mar a tharla máighistir ag lorg buachalla agus buachaill ag lorg máighistir" arsan fear. Ansan thug sé leis go dtí na thig féin é agus thug sé rud lé n-itheagus lé n-ól do agus cuireadh a chodhla i leabaidh tuíghe sa chúimhne é. Do chodail an buachaill go sámh an oidhche sin mar bhí sé tuirseach ó bheith ag suibhal i rith an lae.
    An maidin láir na mháireach chaith an buachaill eiríghe go moch ar maidin agus mórán oibre a dhéanamh. Tar éis na ba a bheith crúidhthe aige do-scaóileadh amach iad agus dúbhairt an máigistir leis an ngharsún aire mhaith a thabhairt dóibh mar go raibh talamh ar an fhataig taobh lé na thalamh féin agus ar a chluais dheis gan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Miceal O Bodiain
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Labras O Murcadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Fán, Co. Kerry