Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an (t-ainm) a thá air ná "Tobar Mhichíl Naomhtha". Tá sé suidhte i mbaile mór. Tá falla beag tógtha tímcheall air agus geata beag ag dul isteach chuig an tobar. Tógadh an falla san tímcheall fiche bliadhain ó shin. Siad na daoine a thóg an falla san ná "Mícheal Ó Donnacadha " ó Bhaile na Buaille agus "Padraig O Fíannachta " ón bPaddoch agus "Eamonn Ó Muircheartuigh ó Baile Móir. Tá cuid den bhfalla briste síos anois acht tá seana sgríobhnóireacht ar na fallaibh fós nách féidir a thuiscint.
Tá an tobar i mbárra bóithrín atá ag teacht aníos on bhfairrge . Tá tighte in aice an tobair agus tá an bóthair poiblíghe in aice leis. Tá droichead díreach ar aghaidh an tobair amach acht ní mor a tá fágtha ann anois don droichead san. Tá an droichead san díreach ar thaobh an bóthair. Tá cloch beag na seasaimh i láir an droichead agus é ar dhath glas. Tá cros geárrtha amach istigh i lair gach taobh don gcloich. Seo é an déanamh atá ar an gcloch beag san (léaráid anseo). Tá an tuisge athá san dtobar ana glan agus tá sé ag teacht amach as píopáin ar an dtaobh thuaidh den dtobar. Tá an tuisge ag rith amach trí piopán eile atá ar an dtaobh theas den dtobar agus ritheann an tuisge san leis ár thaoibh an bothair go sroiseann sé an fhairrge. Tá deanamh na ceárnóige ar an bhfalla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry