School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Page 711
- XML “An Capaillín Giobalach”
- XML “Scéal - An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtí go ndubhairt an bean leis go raibh sí le pósadh an oidhche sin le na deagh-bhráthar an oidhche sin. Annsan cuaidh an beirt aca go dtí an Rígh. Sin é do mhac óg arsa an bean leis. Ó cad d'imthig ort arsa an rígh leis. Is liom an bean so arsa an mac agus níl sé ceart ag an dritheár críonna í d'fághail. D'innis sé an scéal go léir d'á athair agus annsan do thuig an rígh cad a bhí déanta. Diompuig sé go dtí an beirt mac eile agus dubhairt leó bheith amuich. Do chuir sé as an tig an oidhche sin iad mar gheall ar an rud a bhí déanta aca. Annsan d'iompaigh an sagart ar an drithear agus an bean agus pósadh an beirt. Do thug an Rígh a ríoghacht don mac óg ó's rud é go raibh sé tuillte aige. Do mhaireadar go sásta as san amach. Sin é mo scéal sa is má tá bréag ann bíodh.
- Do bhí fear bocht ann fadó. Do bhí aon mac amháin aige. Do bhí sé ag obair ag an dTighearna a bhí ins an áit. Gach lá do bhíodh rud éigin goidtaighte aige ón dtighearna. Do bhí an tighearna as a meabhair aige. Do bhíodh sé ag guid gach lá uaidh. Dubhairt sé le na athair mar gheall air. Bhí an t-athair go cráidte mar bhí fhios aige ná féadfadh deire a cur leis mar geall air gaduidheacht. Dubhairt an tighearna le athair an buachalla go mbéadh a ceann ar an mbloc mar a goideadh sé an capall bán(continues on next page)
- Informant
- Tomás O Maoleoin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry