Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí mac Rí mór éigint breoidhte agus bhí mórán airgid le fághailt ag an dochtúir a b'feadfadh é leigheas. Ní fheadfadh aoinne desna dochtúirí timcheall é leigheas. Bhí fear agus bhí sé ag éisteacht leis na scoláirí ag teacht abhaile ó scoil agus dubhradar dá dtagadh a leithéid seo do dhochtúir chuige agus do thaing mar cuirfeadh fios air. Tháinig an fear seo isteach stolta stracuighthe agus bhí na buganna go léir istig roimis agus bhíodar ag gáiridhe fé. Agus do chuaidh sé síos sa tseomra san áit a raibh an fear breoidte, agus [?] sé chuige é agus san [?] do do thuit sé amach as an leabaidh air. Agus do bhris an cnapan a bhí ina cheann agus do chuir sé isteach ins an leabaidh arís é. Agus sgréach sé cun uisge bog te a fhághail tapaidh agus bhí eagla air go gcaillfí é mar ná raibh aon dochtúireacht aige. Ach bhí an duine leighiste i gcionn seachtmaine nó coithchighse agus fuair an fear eile mórán Éireann airgid.
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Oibrí feirme (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Mhathamhnaigh, Co. Kerry