Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 085
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Fear Cáiliúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín dhom é, ón
áit ceadhna. - Fear Cáileamhail
Tá fear 'na cómhnuidhe i Sráid Éoghain sa Dainghean. 'Sé an ainm atá air ná Donnaca Maceileód. Téidheann sé mór-thímcheall ná háite ag bailiúghadh prátaí. Bíonn deabadh air i gcómhnuidhe chun a bheith thar nais san nDainghean sara dtuiteadh an oidhche. Lá amháin bhí sé ag bailiúghadh prátaí i mBaile an Góilín agus sar a raibh an mála lán aige bhí an tráthnóna déanach tagaigthe. Cuaidh sé síos go dtí an dtráig. Caith sé dho a chuid éadaig agus chuir sé anáirde air a ceann iad. Ceangal sé an mála prátaí tímcheall air agus snámh sé treasna ó Bhaile an Góilín go dtí an Dainghean. Bhí sé traocta nuair a shrois sé an taobh eile agus dúbhairt sé go ndéanfadh sé airís é dá mbeadh gá leis. Tugtar "Johnny ate a bit" ar an bhfear san i dtaoibh an méid mór bídh a itheann sé. D'íosadh sé bíadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Kerry