Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 178
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seáinín a Phúca:- Sé sin ceirt a chur ar do shúile agus a bheith ag rith i ndiaidh na daoine a bheadh ag imirt leat agus an duine go mbéarfá air bheadh sé sin 'na Seáinín a Phúca.
An Madra Ruadh agus na Géanna:- Na daoine go léir a ceangailt do na céile i líne agus sin iad na géanna, annsan tiocfhaidh an madra ruadh agus beadh sé ag iarraidh breith ar na géanna.
An Seana-bhean laith:- Scata do theacht le chéile agus duine acu a bheith na seana-bhean. Thiocfadh an chuid eile tímcheall uirthe agus bheidís ag iarraidh uirthi cead cun dul amach ag imirt a thabhairt dóibh. Déarfadh sí go raibh an lá ró olc agus fanacht istig. Taréis tamall leigheadh sí leó. Casfaidís tímcheall deich nóimintí. Déarfadh sí, "Cá rabhaimair?" "Bhíomar ag an bhféasta." "An dtugaimair aon nídh cúghamsa?" "Thugamair" a deirfidís. "Cá bhfuil sé?" Tá sé anáirde ar an ndriosúr." "Conas a gheobhadh é?" "Le cathaoir." "Cad a dhéanfad má thuitim?" "Féadfair do cnámha do bhriseadh." a deirfidís. Annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Kerry