Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (uimhir rolla 538)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ins an ndún. Dubhairt Fionn go rabhadar go léir imthighthe ar a laetheannta saoire agus ná beidís thar nais go ceann mí eile.
Dubhairt an fáthach annsan "Fear ó'n nGréig iseadh mise agus ní dóghfadh teine mé, ní bháthfadh uisce mé agus ní mharbhóchadh duine mé agus tiocfaidh mise airís agus mo bheirt dhriothár in aoinfeacht liom agus marbhóchaimíd na Fianna go léir.
D'fhiafruigh sé d'Fhionn annsan an raibh éinne istigh sa dún. Dubhairt Fionn ná raibh daonaidhe ann ach leanbh agus a mháthair. D'fhiafruigh sé d'Fhionn annsan an raibh aon chómhgar go dtí an dún agus dubhairt seisean ná raibh. Cuaidh an fáthach suas i dtreo an dúna agus chuaidh Fionn suas an cómhgar agus bhí sé sa dún roimh an fáthach. Dubhairt se le 'na mháthair go raibh an fáthach mór ag teacht agus go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Márthan Ó Chathain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry