Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bruighean
Bhí dream daoine darb’ainm na Feiritéirigh in a gcómhnuidhe i bParóiste an Fheiritéirigh fadó agus bhíodar ar an ndream ba láidre sa pharóiste agus dá bhrigh sin bhiodar neamh spleádhach de ghach aoinne. Bhí rímse mór talmhan acu agus timcheall le fiche bó. Bhí beirt acu ina gcómhnuidhe in aice le chéile. Bhí dream eile dar b’ainm Uí Mháille ina gcómhnuidhe taobh leo, agus ní raibh an dream so ro-mhaith ar fad as, agus ós rud é go raibh na Feiritéirigh chómh laidir sin ní reidhtigheadar riamh le-n-a chéile. Bhídís ag bruighean in agaidh an lae, agus gach aon áit go bhfaighidís seans ar a chéile bhídís ag marbhú a chéile. Lá amháin bhí ráiseanna ar thráigh Fionn Trágha agus thárla go raibh na Feiritéirigh agus muinntir Uí Mháille ann. Pe rud a bhí ar suibhal ag an dá dhream bhuaileadair le chéile ar an dtráigh agus gan dabht bhí braon ólta ag gach aoinne acu agus thosnuigh an troid eatorra. Bhailigh na daoine go léir ag féachaint ortha agus ní raibh aoinne acu ag fagháilt an láimh uachtair ar an bhfear eile. Bhíodar ag dul ro-dhian ar an obair agus bhiodar leath-mharbh ag a chéile. Nuair a chonnaic na daoine iad theastuigh uatha iad a chosaint ach chuaidh dóibh. Leanadar ortha go dtí gur thosnuigh an rás agus annsan scaip na daoine, agus pé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry