Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- Brackloon, Co. Kerry
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 687
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear na chomhnuidhe thiar i Log-na-gcapall darbh ainm Liam Ó Gairbhí. Bhí sé in ngrádh le cailín na óige agus thug sé gealleamhaint di go bpósadh sé í ach níor choimeád sé é. Phós sé bean ó n-Daingean de mhuinntir Shúilleabháin. Blian na dhiaidh sin bhíodar ag dul go Tráighlí go déanach san oidhche. Bhí capall agus cairt aca agus ráil ar an gcairt. Díreach agus íad ar an mbóthar taobh thoir de sgoil Abha-na-Sgáil chonnacadar an bhean istigh sa chairt agus d'aithin an fear í. Níor leig sé air go bhfeaca se ainne agus d'fhan sí ins an gcairt gur chuadar soir go Droichead na Gleanna Móire. Annsin d'iarr a bhean air an bhfeaca sé an bhean a bhí san gcairt na dteannta. Dubhairt sé léi gurbh é speabhríde a bhí uirthe ná feacaidh sé féin aon bhean sa chairt. Tar-éis sin nuair a bhíodh sé ag iascaireacht nó ag imirt cártaí go luath san oidhche, cítheadh sé an bhean agus leanbh na scread i n-aice léi. Nuair a bhíodar ag dul go Tráighlí an oidhche sin bhí bean tar-éis bás d'fháfhail in Ameirice agus ní raibh sí pósta i n-aochar.Nóra Ní Cúrnáin
Fuaireas an sgéal so ó
Shéan Ó Beaglaí, 57 bl
Baile-na-Saor,
Abha-na Sgáil- Bailitheoir
- Nóra Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Beaglaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Baile na Saor Beag, Co. Kerry