Scoil: Cillíneach (uimhir rolla 12412)
- Suíomh:
- Killeenagh, Co. Kerry
- Múinteoir: Dd. Ó Cuill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíneach
- XML Leathanach 171
- XML “Scéal an Dóláis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé deich is ceithre fichid blían an Márta seo cughainn ó thuit an sgéul seo amach. Do bhí feirmeóir mór in a comhnuighe in Ínse Thiar an uair sin. Do bhí lán tighe de clann aige. Do bhí tig compórdach fiall fáilteach aige agus an bean a b'féarr a bhí sa pharróiste. Ní raibh duine bocht mór dtimcheall Ciarraidhe nach raibh aithne aca ar thig Mhichíl Uí Sheaghdha mar dá mbeadh siad ar dtreo na h-áite ní bheadh síad gan lóisdín na h-oidhche agus béile na maidne.Níor fhág sé féin ná a bhean aon duine bocht riamh dul folamh nó ocrach ón dtig. Is mó paidir na daoine bochta a bhí ar leac an dorais aige. Níor imthig maidin riamh ná bheadh beannacht duine bocht eigin aige.
Rothann san dá mhéid é an mhaitheas a bhí sé ag déanamh do bhí namhaid aige. Aon oidhche amháin i mí na Márta bhí an aimsear cruaidh tirim agus bhí gaoth anoir ann. Bhí Mícheá lagus a bhean ins an Daingean agus ní rarabhadar cun teacht abhaile an oidhche sin mar lá ar na 'bháireach bí aonach i nDaingean.D'fhágadar an tig an maidin sin cómh sonnasach agus d'fhágadar é aon lá ó pósadh íad. Nuair a thánadar abhaile lá ar na 'bháireach do bhóíodar lán do bhuairt nuair a connaceadar an radharc a bhí rómpa. Do bhí sgioból agus bhí lochta ar an sgioból san aca agus do bhí sé lán suas go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Caheracruttera, Co. Kerry