Scoil: Cillíneach (uimhir rolla 12412)
- Suíomh:
- Killeenagh, Co. Kerry
- Múinteoir: Dd. Ó Cuill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíneach
- XML Leathanach 202
- XML “An Fear Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'na cionnaithe d'aithnigheas cé bhí ann ach níor leigeas aon nídh orm. Fear ón mbaile seo ab'eadh é agus bhí sé tar éis báis d'fhaghail tuairim sé nó seacht do bliantaibh roimhe sin. D'imthig sé agus ní fheaca ó shoin é ach do gluaiseas orm agus ní rabhas díreach ach ceathrú míle do'n bothar aniár nuair cuala- go saoradh Muire Mháthair sinn an tóir is mó cuala riamh anuas im' dhiaidh. Níor dheineas ach mé féin a caitheamh isteach i scairt drisleacha a bhí ar thaobh an claidhe agus mo bhriathar is m'focal duit nár mhothuigheas a'raibh dealg ionnta nó ná raibh.
Ní rabhas annsan i gceart nuair seo anuas an t-sluagh agus ba dhóigh leat ná raibh capall fé rioghacht Sasana ná raibh ann. D'aithnigheas mórán aca nuair bhíodar ag gabhail tharm. Fé dheire d'imthigheadar leó agus d'eirigheas amach as mo bhfolac agus siubhal abhaile mé agus nuair iompuigheas isteach an boithrín a bhí ag teacht cun an tighe do glaodh an coileac.- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Siothaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Caherpierce, Co. Kerry