Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíodh aon chúirt aca sa t-sean aimsir. Seo mar dheinidís. D'fhágaidís fé "Mholadh Beirte" an scéal.
Seo mar dheintí an "Moladh Beirte."
Théigheadh an bheirt a bhíodh a' lorg an chirt a triall ar an roilig agus beirt eile in aonacht leo - Beirt fínéithe.
Théighaidís ansan isteach agus n-uaig éicint, agus thugaidís amach leótha ceann duine mhairbh. Ar an mbeirth fínéithe. Is amhlaidh a bhíodh duine toghtha ó gach taobh.
Deireadh na fínéithe ansan, abhíodh a d'iarraidh an sceil do réidtheach, gach duine cha, le na dhuine féin:-Féuch an croiceann ar an Uláidh agus an dranndal maol
Féuch an chola 's gan focal den chainnt 'na béal
Is fíor gurb é sochar na colna do ineall an saoghal
Agus deinimís an moladh mar dhein Solamh gan cam gan claon.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14