School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0520

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0520

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0520
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí a lán bó aici. Lá amháin tháinic bean deirce chuig an sráidbhaile agus í ag iarraidh déirce i ngach teach, ach dubhairt muinntir an sráidbhaile gan dhul chuig teach na mná sin, ach níor thug sí aon áird orra. Chuaidh sí chuig an teach ach níor thug bean a’ tighe aon áird uirri ná níor thug sí aon déirc dí.
    An oidhche ’na dhiaidh sin bhí broinglóid ag an mnaoi saidhbhear agus b’fhacthas dí go raibh sí i bpurgóid. D’fhiafruigh a aingeal treóruigh dí ar thug sí aon déirc do na daoine bochta ar feadh a saoghal a muchóchadh an teine dí agus dubhairt sí nár thug. Chuardaigh sí annsin agus fuair sí gúna sin ar an gcéad teine agus muchadh é. Annsin gheibheann sí ceirtlín snáithe a dtug sí do cómharsan agus do mhuchaigh sé sin an dara teine.
    Ní raibh sí in don aon rud eile a fhágháil agus bhí uirri siubhal tríd an treas teine, agus dóigheadh ceann dá taobhanna ó bun go bárr. Dhúisigh sí annsin agus bhí sí an-tinn de bhárr na dóighte. Bhí uirri dul chuig an otharlann ach bhí biseach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhurtaigh
    Gender
    Female