School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0570
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt leanbh ag mnaoi bhoicht agus bhí sí cráidhte aca. Bhíodar leice breóite, crosta. Rinne sí leite, lá, agus thug sí léithi é go dtí fear a' tighe a bhí ag obair amuigh san ngort.
Nuair a bhí sí imthighthe tháinic duine éigin ar chuairt chuici, agus nuair tháinic sí chuala sí an chainnt istigh.
"A Chathail, an bhfaca tú biadh braimileóige ar ghort ariamh?"
"Ní fhaca me", arsa Cathal.
"Muise, a Chathail," arsa Fiothal, "tarraing chugat do phíopaí agus seinn tiúin!"
Sheinn sé tiúin an bhreágh ar fad annsin, agus nuair stad sé dubhairt sé le Fiothal:-
"A Fiothal, ar seisin," an gcuimhin leat-sa Cath Meidhe"?
"Is cuimhin", arsa Fúíothal, "agus dá chath déag Reagha roimis"
Nuair a tháinic an máthair isteach ó'n ngort d'innis an bhean a bhí amuigh, dó'n mháthair céard a bhí ar siubhal aca.
"Níl fhios agam céard a dhéanfaidh mé leo", ars an máthair
"Chuir an t-sluasad isteach sa teine agus nuair a bhéas sé dearg , cuir an beirt(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Mhurtaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Biddy Luke Larry
- Gender
- Male