Scoil: Barrow (uimhir rolla 11850)

Suíomh:
Barrow, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó hUallacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Barrow
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “Cur agus Baint na bPrátaí Anseo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na drilleanna go luath san Earrach, agus deintear leasú na bprátaí do tharrac isteach ionnta. Tugann na daoine feadhmannach ó'n dtráig, agus dulamán agus sgaipeann siad é imeasg na ndrilleanna. Cuirtear aoileach anuas ar sin agus dúntar na drilleanna. Geárrtar na sgiolláin (an síol) a thrí no a ceathair de laithe roimhe sin chun ná beidís ró-fhrisáilte agus ná lobhfhaidís sa talamh.
    Lá mor annso iseadh lá curtha na bprátaí, mar caitheann an feirmeóir cabhair d'fhághail chun na bprátaí do leathadh nó do sgaipeadh ins na drilleanna. Cuirtear na sgioláin i ngiorracht troig dá chéile, bionn buicéad ag gach aoine lán de sgioláin agus a dhrill féin lé leathadh aige. Tagann an feirmeóir annsan lé na cheachta go mbíonn dhá chlár air, agus ladhann (?) sé na drilleanna arís. Sin mar cuirtear na prataí i leabthacha.
    Ní cuirtear prataí i leabthacha annso ach go h-annamh. Nuair a déintear é sin deintear an talamh do leasú roimh treabhadh. I dtalamh báin a deintear leabtacha. Bíonn cheithre sgríobh i gcuid aca,agus chúig cínn i gcuid eile. Lé rainn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hUallacháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)