Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)

Suíomh:
Moyderwell, Co. Kerry
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”
  4. XML “Cath Pháirc na Fola”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sa pharóiste ar an naomhadh lá feiched de Lúghnasa in onóir do Naomh Eóin baiste.
    Ta seana sgéal eile a deir gur chómhnuig breac sa tobar. Bhí sé de nós sa pharóisde gan uisge an tobair sin d'úsáid i gcóir obair tighe. Lá amháin bhí ana dheobhadh ar bhean darbh ainm Maire Ághas. Níor dhein sí acht dul amach agus galún uisge a thabhairt léi as an tobar naomhtha. Chuir sí sa chiotal é acht da mbeadh sé ann go lá an Lúain ní bheirbheochadh sé. Sa deire núair a bhí sí cráidhte, cíapaithe aige do bhain sí an clúid de'n ciotal agus cad a bheadh istig ann acht breac mhór. Chuir sí ar ais sa tobar arís é agus geallaimse dhuit nár chuir sí isteach ná amach air an dtobar ó shoin. Fé láthair núair a tógann sé i bhfad ó chiotal uisge beirbhuí is minic a chloistear, "Bféidir gurb" amhlaidh atá "breac an tobair" istig ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cath Pháirc na Fola - Mináird Thoir
    In aimsear na bpéin dlighthe bhí sean-bhothán i bparóisde na Mináirde agus dob' ann a léightí an t-aifreann gach Domhnach. Bhí ag rith leó ar feadh a bhfad agus ní raibh a fhios ag na Saighdiúirí gallda cá mbíodh sé dhá léigheamh acht, sa deire fúaireadar an bothán amach. Dómhnach áirighthe bhí buidheann díobh lasmuigh de'n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Ni Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry