Scoil: Srón (uimhir rolla 9090)

Suíomh:
Shrone Beg, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0452, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0452, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Srón
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Scéal - Sprid Béal na Díge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fadó Fadó bhí sprid thíos ag Beal na Díge. Ní fheadfhadh áon saghas duine gábhail an bóthair aici ó dul fé na gréine go neirige na gréine. Bhí ceist aici agus chuuireadh si ar gach áoinne í trí huaire, agus mura freagróchaidís í an tríomhad húair marbeocadh sí íad. Sin mar a dheanfadh sí dá mbeadh duine in a áonar, ach dá mbeadh beirt nó trúir ann ní bhacfadh sí leó. Tráthnona amháin bhí sí ag níge a cos ar brúach na habann. Bhí búacaill óg ag gábhail an bhóthair. Connaic sé an cailín ag níge a cos agus cheap sé gur cailín beó í. Is breagh geal na cosa íad san agat ar seisean. Bhí sé beagánín lúath sa tráthnóna agus phreab sí súas in a seasamh, agus d'fheuc sí anáirde ar an spéir. Feuc ar sin thíar ar sisi ag bagairt a méire cun na gréine. Dá mbeadh sé sin imighthe síos neosfainnse dhuitse cad íad an sagas cosa atá agam.
    Oidhche eile bhí fear o Condsé Corcaighe go mbéigin dó dul an bóthar thar Beal Na Díge soir. File maith do beadh é, agus bhí fhios aige go raibh an sprid timceall Beal Na Díge. Núair dimig sé soir thar Abainn Uí Croidhe chrom sé ag amrán. Ní raibh sé díreach ach ag Beal Na Díge núair phreab sí amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Carrthaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Headfort, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Loinnsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Doocarrig Beg, Co. Kerry