Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne

Suíomh:
Killarney, Co. Kerry
Múinteoirí:
An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 250

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 250

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 250
  3. XML “Eoghan Rua Ó Súilleabháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhein na filí eile, ba shine ná é. Níor thug sé aon íarracht fé thastáil núa. Níor thug sé aon ní úaidh féin isteach. Do bhí deireadh le ré an fháis. Do bhí aimsir an mheathlúcáin ag druidim leis an sgoil. Mar sin a bhíonn an sgéal ag “sgoileannaibh” i stair na filidheachta nó i stair na healadhna.
    Tagann príomh-mháighistrí na sgoile ar dtúis, agus cuiridh síad an sgoil fé réim. Tagann máighistrí eile, bainid síad triail as slighe nua, agus fásann agus aibigheann an sgoil. Is gnáth go leanann an meath an t-aibiú. Stadann an fás. Cromaid na filí ar aithris a dhéanamh ar na príomh-mháisghistrí. Téigheann an sgoil i n-éag.
    Ach is féarr do thaitin saothar Eóghan Ruaidh leis an slúagh ná saothar file dob fhéarr i bhfad ná é. B’é an file ba mhó i mbéalaibh na ndaoine d’ fhilí na Mumhan é – taobh amuich de Thadhg Gaedhealach, ach do fúair clú tar éis a bháis toisg a chuid dánta a bheith fé chló. Maidir leis na filíbh eile is ó na gcómh Fhilíbh is mó a fúaradar clú agus moladh. Bhídís ag sgríobhadh i dteannta a chéile. Do bhí sé i láthair gcath mhór a bhí idir Aimiréal Rodney agus Aimiréal Franncach. Do cheap sé amhrán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    92
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Meentoges, Co. Kerry