Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne

Suíomh:
Killarney, Co. Kerry
Múinteoirí:
An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “Aogán Ó Rathaille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dúthaigh céadna na rugadh Eoghan Ruadh timcheall trí fichid bliadhan níos deannaighe, bé Aodhagán an duine ba shine de’n sgoil núa bhFilibh Muimhneacha – lucht na n-amhrán. B’é Ruadh an duine dobh óige díobh. Sompla de’n bhfás a bhí fé’n “Sgoil” iseadh filidheacht Aodhagán. Sompla de’n meathlú a ráinig dí iseadh filidheacht Eoghain Ruaidh. Níor mhisde “athair” na sgoile do thabhairt ar Aodhagán Ó Rathaille.
    Do bhain sé triail as meadarachtaibh núa a bhí níos cosamhla le rithim fíor-amhrán na saothar na bhFilí. Thug sé binneas agus céolmhaireacht núa isteach san amhrán ná raibh le fagháil in amhránaibh an t-seachtmhadh aois déag. Is gnáthach le lucht tuaithe sgéalta dá leithéid d’innsint mar gheall ar aon duine mór-clú tar éis a bháis. Is fullas ó n-a chuid filidheachta nach éin réice fáin ná áiltheoir díomhaoin a bhí ann ach fear stumdha maordha. Timcheall na blíadhna 1728 do cailleadh é. D’á fheabhas d’fhile é, níor fhág sé éan raidhse fír-filidheachta ‘na dhiaidh. Caithfear admháil gur cheap sé roinnt de chaoinnte fada, ar an sean-nós, a chuirfidh tuirse ar éin léightheoir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    92
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Meentoges, Co. Kerry