Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Suíomh:
- Killarney, Co. Kerry
- Múinteoirí: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in a dhíaidh sin gur ó Conndae Chorcaighe a tháinig sé go dtí na Déiseacha.
Tá Ristéard Ó Foghludha tar-éis deimhniú d’fhagháil gur i Míntín Eogain i n-aice le Tuar na Fola i gCo. Luimnigh a rugadh é. Do réir dealraimh d’fhág sé an áit agus é ana óg agus thug sé aghaidh ar Chonndae Chorcaighe. Caith sé saoghal fánach go leor. Do bhí sé ag síor-dul soir trí Chonndae Chorcaighe go dtí gur aimsigh sé Cathair Phortláirge.
Do chaith sé sealadh dá shaoghail i n-Íarthar Cíarraighe agus sealad i gCathair Corcaighe, sealad i ndúthaigh an bharraigh mhóir, sealad i gClúain Priost i n-aice le h-Eochaill. Annsan do ghlúais sé isteach ins na Déiseacha. Do réir a thúairisge féin bhí saoghal aerach fiadhain á chaitheamh aige go dtí san.
Do tháinig athrú meóin air. Rug neart an Creidimh greim ar a chroidhe agus feasta níor chuir sé spéis i n-éin nidh ach i gcúrsaí naomhta. Cuir sé fé i nDún Garbháin agus is ann do cheap sé na hamhrán diadha. Do chaith sé deireadh a shaoghal i gCathair Phortláirge. Do Cailleadh é san bhlíain 1795.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Meentoges, Co. Kerry