School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 033
- XML “Insín na Glotharnaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Insín na Glutharnaighe
Chuaidh Fingín Ó Donnchadha an Ghleanna agus a shaighdiúirí go Baile Mhúirne uair amháin ag glachadh creiche. Shroiseadar Baile Mhúirne in am mhairbh na h-oidhche agus thosnuigheadar láithreach ar gach capall agus gach beithidheach a sholáthair chucha. Pé in Éirinn é dhúisigh muintear na h-áite agus chuireadar in a gcoinnibh. Bhí Finghín agus a chuid fear ró láidir dóibh, rugadar an chreach leo agus siar leo i dtreo an Ghleanna airís.
Chuir muinntear Bhaile Mhúirne a gcomhairle i dteannta chéile annsan feachaint cad a bfearra dhóibh a dhéanamh agus indeire na dála shocruigheadar go raghaidís ar lorg foirthine ar Naomh Gobnatan mar bhí an-iongantaisí á dhéanamh aici leis na beacha beannuighthe an uair úd. Pagánach do b’eadh an taoiseach a bhí ortha agus níor mhaith leis dul chúiche ac b’éigean do. Gheall Naomh Gobnait go dtabharfadh sí a gcuid stuic ar ais chúcha ar choingheall go n-iompóchadh an taoiseach ‘n Catoiliceach. D’iompuigh sé. Siar in ndiaidh luchta na Creiche le Naomh Gobnait an beacair na láimh aici agus í cosnoctuighthe. Tháinig sí suas leo ar teorainn an dhá chonndae agus do chraith sí an bheacair san aer agus tháinig na beacha amach. Dhein saighdiúirí dhíobh. Bhí an-bhruighean idir an dhá dream annsan agus sa deire cuireadh an ruaig ar(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó hEáluighthe
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Glenflesk, Co. Kerry