School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 044
- XML “Teistiméireacht Eoghain Rua”
- XML “Eoghan Rua agus an Fógra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus seo chun bóthair é agus é ag gáiridhe leis féin, mar bhí sé cinnte go raibh an-theistméireacht aige.
- Eoghan Ruadh agus an FógraBhí Eoghan ar sclábhuidheacht uair ag fear d’arbh ainm Conchobhar Ó Briain. Thug Eoghan ainm bhréige do de bhrigh go raibh na sagairt ar a thóir agus dá bhíthin sin ní raibh a fhios ag an bhfeirmeóir gurbh é Eoghan a bhí aige in n-aon chor.
An oidhche Sathairn seo ach go h-áirighthe bhí an feirmeóir agus a bheirt mhac ag iarraidh fógra a scríobh amach le cur ar an altóir lá ar na bhárach. Sé a bhí ag an bhfeirmeóir b’adhbhar do’n bhfógra. Ní raibh ag eirighe go ró-mhaith le lucht an scríobhta agus bhí Eoghan ‘na shuidhe ag bhun an tighe gan aoinne ag cur chuige ná uaidh. Do bhris ar an bhfoighid aige sa deireadh agus tháinig sé chúca. “T’r ‘om an peann sin” ar seisean agus “sgríobhfadh amach an rud sin díbh.” D’fhéacadar(continues on next page)