School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 099
- XML “An Rábaire Saoirlinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Rábaire Saorlinn Theannas liom cun imtheacht ó’m mhuinntir,
Is tarrac liom síos cois Féile
Mar d’airigheas dhá go minic idir daoine
Go bhfaghfinn-se obair mo chéirde ann
Ag taisteal na slighe dhom do chasadh chun tighe mé,
Is d’iarras cead suidhe go séimh ann
Ach d’fhreagair gan mhoill an tsean bhean críonna
Agus dubhairt na raibh aon slighe aici d’aoinnne11.
Do labhair an bhrighdeach leis an mhnaoí chríona
Agus d’fhiafruig an raibh ‘na croidhe aon daonnacht
Agus Rabaire Saoirlinn do chur amach san oidhche
Ag taisteal na slighe agus é ‘na aonar,
Mara bhfuil tuighe agat ná leabaidh 'na luighfidh-se
Tabhair cead suidhe istigh féin dó
Mo hata gur sgaoileas de mhullach mo chinn
Agus ghabhas léi míle buidheachas”111.
Nuair a bhí am cun luighe againn cuireadh síos mé
Go rúmín greanta ba réaltac
Mar a raibh leabaidh chlúimh ann fé bratacha líne(continues on next page)