Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- Raheen, Co. Kerry
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chrom sé ar phaidreoireacht annsan agus i gcionn tamaill fuair sé bás.
An Domhnach d’éis a churtha b’é adhbhar seanmónta a bhí ag an sagart ná Cian gur mhaith an rud muinntear an Ghleanna bheith scartha leis agus go raibh a anam i Ifreann na Damanta i láthair na h-uaire. Ar an bpoinnte cé geobhadh isteach an doras ach “Cian na mbeann n-Óir” féin agus níor stop cos leis gur bhain sé an Altóir mach. Tháinig scannradh ar a raibh istigh agus bhuail sgáth an sagart agus d’éaluigh sé an doras iad amach. Do sheas Cian ar an Altóir agus seo mar labhair sé:-
“Mise Cian na mBeann n-Óir
Ba shia mo lón ná mo shaoghal
Níor chuireas aoinne raibh as mo thigh
Agus níor cuireadh mé as tigh Dé
Is a sagart úd a thug an bhreith
Mar ba mhaith leat féin.
An áit ‘nár mheasais mise a cur
Is ann a raghaidh tú féin”Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh – Pádruig Ó hÉalaighe
A Sheoladh – Cluain Caoin
A aois 65, A Ghairm-bheatha – Feirmeóireacht- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó hÉalighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cloonkeen, Co. Kerry