School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 220

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 220

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 220
  3. XML “Béasa an Tórraimh i mBunán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Béasa an tórramh i mBunán.
    Nuair a bhíonn duine ag fagháil bháis, bíonn beirt nú triúr nú ceathrar tímcheall na leabthan agus iad ag guidhe. Faigheann duine díobh buidéal ina bhfuil uisge coisreacan agus bíonn sé á shíorstealladh ar eagla go mbeadh an diabhal in aon scoilt sa seomra chun díoghbhála do dhéanamh.
    Cuireann siad coinneal chéireach i láimh an duine i riocht bháis agus coinnightear ann é go dtí go mbíonn sé marbh. Nuair a tuigtear go mbíonn sé marbh, beartuightear chun é do bhearradh má is fear é ach chomh túisce is a fhaghann sé bás , cuirtear an clog ina stad agus oscailtear na boscaí ins gach seomra.
    Annsan deintear an corp do nígheadh agus coimeádtar an t-uisge len ar nígheadh é istigh fé leabaidh a[n] bháis nú fé pé áit ina mbíonn sé fé chlár go dtí go dtógtar an corp as an tigh. Tar éis an corp do nígheadh, cuirtear aibíd air. Cuirtear bairiliní bána os a chionn agus fé nú fúithe, coinnle ar bhord ag cosaibh an chuirp. Is gnáthach cúig cinn aca [a] bheith ar lasadh don té san ord, agus ceithre cinn don té ná bíonn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Milleens, Co. Kerry