Scoil: Doirín na nDamh (uimhir rolla 5348)
- Suíomh:
- Derreenneanav, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i ngan fhios dó. Ba gheárr in a dhiaidh sin go bhfuair an tighearna úd bás. An duine a tháinig in a dhiaidh, cé go raibh sé dian ar na Catoilicig, niór dhíbir sé iad. Leig sé dóibh bheith in a dtionóintí aige féin, acht bhí ortha a chuid oibre ar fad do dheanamh dó - a chuid barraí do chur agus do bhaint, srl gan aon tuarasdal gur fiú trácht air d'fhaghail uaidh. "Warden" do b'ainm dó san, agus bhí duine d'á shliocht sa cheanntar sin (Doire Chuinn), go dtí timcheall se bliadhna déag ó soin nó mar sin. Dóigheadh a chaisleán, agus níl ann acht fotharach anois.