Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)

Suíomh:
Glannagilliagh, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann na gCoileach
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Aicíde gan Eireaball”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aichide gan eirball
    Do bhíos-sa 'gá tuascadh
    Bhí sé ag priochadh ag giobadh is ag luaghad [?]
    Ach beirim-se- m' fhocal dó dá bhfagainn-se na dhorie é
    Agus lúd lámh dúnta air
    Go mbeidh deire le na cuid éitig
    Go dtí lá an [?]chuntais.
    …………………………..
    i gChiarraighe-thiar in Dhaingean - nuair a bhí easbadh bídh ann, agus gan aon caoi é d'fhághail tháinig na "Gentry" nár measg chun cabhair agus conghneam do thabhairt dúinn - mar ead - ach 'sé ba mhór a bhí na naigne ná Soupers do dhéanamh dínn. D'éirig leó in a lán áiteanna éirlig d'fághail [?]pér domhan é. Thárla gur thuit duine áirighthe fén "greamma dubha" - duine go raibh an-cáil air ar fuid na h-áite
    Bhí sean-bhean críonna caitte ag siúbhal an bóthair lá agus chas an t-éirleach uirthi. Bheannuig sé i ach sí an freagra a fuair sé 'ná
    D'fágais an eochair
    Fe dhoras tíghe Dia na n-Grást
    Agus d'imthigís-se ar sodar
    Ag obair do'n diabhal go bráth.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamas Mc Crohan
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Garrahadoo, Co. Kerry