Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)

Suíomh:
Glannagilliagh, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann na gCoileach
  2. XML Leathanach 026
  3. XML “An Sprid sa Reilig”
  4. XML “Paidir ag Dul thar Reilig”
  5. XML “Roinnt Digineach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus a bhean ann fadó agus bhí gé achu chun dínnéar. D'éirig argóínt eatarra a dtaobh chionnus ba ceart an gé do roinnt. Sa deire dhúbhairt an fear go bhfágadh sé an céád réidhteacht na (?) fá an gcéad duine a bhuailfeadh an treó. Tá go maith arsan bhean táím-se sasta leis sin. Cífid tú gur agam-sa atá an ceart. Is ar éigin a bhí na fochail as a béal nuair cé bhuailfeadh (?) isteach chúcha ach an Dígineach an phiobaire O Muing-a-Phúcha. Go mbeannuighidh Día ann seo ars an Dighineach. Dé bheatha-sa chúgainn a dhuinne chóir arsa an fear an tíghe agus an bhfuil eólas agat ar chionnus gé do roinnt. Is agam-sa atá an t-eolas sin a fhir an tíghe ars an Dighineach. Innis dúinn mar sin chionnus is cheart gé do roinnt. Roinntear mar seó é ars an Dighineach,
    An cheann, do cheann an tíghe,
    An sgíatán clé dá mhnaoi
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.