School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 057
- XML “Dinnseanchas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dínn-SeanchasSeo chuid de’s na h-ainmneacha atá ar cnuic, agus cionnus mar a fuaireadar a n-ainmneacha.
CÚM NA BRÓINEACH: Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin ar an gcnoc san, ná in aimsir na bpéindlithe ní leigeadh na Shasanaigh aon Caitlicheach an t-Aifreann d’eisteacht, agus mar gheall ar sin do theighidís go dtí an áit sin gach Domhnach chun an Coróin Mhuire do rádh.
CÚM NA CAILLÍGE: Do bhí bean aosta in cómhnuidhe annsan, agus nuair a fuair sí bás do chuireadh fé leac í san áit sin, agus ó shoin i leith ghlaodhtar an t-ainm sin ar an áit.
CÚM AN SATHAIRN: In aimsir na bPéin-dhlíghthe leis nuair ná leigeadh na Sasanaigh aon sagart an t-Aifreann a rádh Dia Domhnaigh, do thagadh sagart go dtí an áit sin gach Sathairn agus do bhailigheacdh na daoine ann chun an t-Aifreann d’éisteacht.
LÉIM AN SAGART: Lá in aimsir na Péin-dlíghthe nuair a bhí sagart ag rádh an Aifrinn annsan do chonnaic sé saighdúirí Sasana ag teacht. Níor dhein sé ach léim suas ar a chapall, agus do thug an capall léim as a chabail chómh fada le Baile-na-Cille, agus tá an t-ainm sin ar an áit ó shoin.
UAIGH DE BARRA: Tá an áit sin suidhthe in aice le loc Cúm-na-caillíghe. Deir na sean-daoine gur fear darab ainm Seán de Barra atá curtha annsan. Oidhche amháin agus é ag teacht ó Cathair-Saidhbhín tré ‘s na gcnoc do chaill sé a(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Cúrnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Cúrnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry