School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 072
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Do bhí baintreach ann uair, is ní raibh aicí ach aon mhac amháin. Bhíodh an bhuachaill amuigh gach oídhche go h-ana dhéanach, is bhíodh eagla ar a mháthair istig gach oídhche gan aoinne in aonfheacht leí. Chuaidh sí cun cainnte leis an sagart mar gheall air, agus d’innis sí dó, an áit in a bhíodh sé.
    An oidhche in a dhíaid sin, d’imthigh an sagart amach, tímcheall lé mheadhon-oidhche is do bhuail an bhuachaill leis, agus do thosnuigheadar ag cómhrádh le'n a chéile. Dúbhairt an sagart gur fhág sé a hata sa roilig an lá san agus d’íarr an sagart air dul agus é do bhreith chuige.
    D’imthigh an bhuachaill láithreach, ach má dhein, d’imthigh an sagart treasna na páirceanna is bhí sé ann roimis. Nuair a shrois an bhuachaill an roilig tháinig an sagart amach as cúinne is dúbhairt “Imtig cómh tapaidh agus is féidir leat is ná bí ag teacht annso ag breith cnáimh na daoine marbh leat.” D’imthigh sé, agus sgannradh in a chroídhe. Ar an slíghe dó, do thuit sé i laige. Chuaidh sé abhaile annsan is ní raghadh taobh amuigh den doras taréis tuitim na h-oídhche in dhiaidh sin.
    Mícheál Ua Gríbhthín do scríobh
    Mairtín Ua Gríbhthín d’aithris
    Leitir
    Gleannbeithe
    Co. Ciarraidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ua Gríbhthín
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtín Ua Gríbhthín
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Letter East, Co. Kerry