Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)

Suíomh:
Glenbeigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Séamus Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul
    Bailighthe ag Séumas Ó Gríobhtha, Cúl Ruadh
    Bhí fear ann fadó. Fear bocht a b'eadh é. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag dul go dtí tig bhuail bean leis agus bhí gruag dearg uirthe. Do labhair an bean agus níor labhair an fear. Nuair a tháinig sé go dtí an tig do suidh sé síos ar an gcaithaoir i n-aice na teine. Dubhairt na daoine a bhí sa tigh ar chas sé ar aoinne. Dubhairt an fear gur chas sé ar mnaoi agus gruag dearg uirthi. Dubhairt an fear gur labhair an bean ach nár labhair sé. Dubhairt na daoine a bhí sa tig sin gur ceart dó a labhairt leis an mnaoi agus dubhairt an fear ná raibh aithne aige uirthi. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do bhuail an bhean céadhna leis agus bhí an beirt acu ag cainnt le na chéile. Dubhairt an bhean gur raibh próca óir ar sliabh agus go raibh carraig mhór anuas ar an bpróca óir. D'imthigh an fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séumas Ó Gríobhtha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coolroe Lower, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Gobnait Bean Uí Gríbhthín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Coolroe Lower, Co. Kerry