School: Gleann Beithe

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 303

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe
  2. XML Page 303
  3. XML “Piseoga an Cheantair Seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Piseóga an Cheanntair seo.
    Ba mhór an uimhir de piseógaibh a bhí ag ár sinnsir san allód. Cuid diobh iseadh iad so leanas.
    Ná téir abhaile ó tórramh gan dhuine i n-aoinfeacht leat.
    Nuair a chífidh tú madra dubh san oidhche cloisfidh tú sgeul mar gheall ar sochraid a bheidh ins an bparróiste sar i bhfad.
    Ná beir greim ar láimh dhuine sa socraid.
    Nuair a bhíonn dhuine marbh sa tig is ceart na rudaí a bhí sa leabha do chur tré na chéile sar a thosnuigheann an socraid.
    Oidhche Shamhna ar a do deugh a clog má feucann tú sa sgathán cífidh tú aghaidh duine eile istigh ann.
    Bhí triúr fear ann fadó 'san áit seo agus Oidhche Nodlag na mBan d'fan siad sa cistin feucaint go bhfeicidís an t-uisge soinseálta i bfíon agus ní fheaca aoinne ó shoin iad.
    Is ceart uisge na gcos do caitheamh amach nó beidh na daoine maithe i n-aoinfeacht leat i rith na h-oidhche.
    Nuair a bhíonn daoine ag déanamh cuigione Lá Bealtaine chuireann siad píosa teine fé.
    Nuair a gheibheann an chéad duine de muirghín bás ní ceart do'n mháthair dul go dtí an reilig nó sa t-socraid. in aoncor.
    Ná tóg isteach méaracán púca sa tig nó thiocfaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shuilleabháin
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Curra, Co. Kerry
    Informant
    Bean Uí Gráda
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Kilnabrack Lower, Co. Kerry