School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 432
- XML “An Reilig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Timcheall triocadh bhliain ó shoin níor cuireadh aoinne insan gCillín ach leanbhaí gan baiste.
Ansan thosnuigheadar ag cur na ndaoine críona agus óg ann mar bhí na h-uaigeanna i mBaile na Cille ró cumhang agus ró gaired dá chéile.
Tógadh isteach píosa talmhan níos mó agus cureadh fallaí mór timcheall air.
Tá ráillí ós cionn na h-uamha i gCurra.
Glaodhtar calannach ar an áit 'na gcurtar leanbha í gan baiste.
Tá calannach i Dumhcha. In áiteanna eile glaodhtar lios air.
Tá beirt fear oibre ag tabhairt aire do'n dhá reiligidhe.
Tiomáineann siad caoire isteach ins na reilighidhe cun í coimeád lom.
Choimeadann siad glas na ngeataí agus coimeadann siad rámhan agus sluasad cun na h-uaigeanna d'osgailt.
Coimeadtar go deas iad.
Táid suidhte in áiteanna an-chiuin.
Bíonn eagla ar daoine nuair a bhíonn siad ag dul thairsti mar bíonn siad an-uaigneach istoidhche.Nóra Ní Ríoghbhardáin.- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán M. Ó Riordáin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Curraheen, Co. Kerry