Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 138
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt cailíní in aimsir cúrsa ag Pailitíneacht is bhí buachaill óg leis sa tig.”
Dómhnaill Ua Cúrnáin ón Málainn d’innis Bhí beirt cailíní in aimsir cúrsa ag pailitíneach is bhí buachaill óg leis sa tig. Thárla Aoine an Chéasta nuair a bhí rósta an Ríogh ag muinntir an tighe gur dhein an beirt cailín trosgadh a’s do thóg an buachaill patarún leó agus dhein an trosgadh amhail leó. An oidhche sin do cailleadh é nú chuaidh go dtí an saoghal eile as fuair sé radharc an dá shaoghail. Chonnaic sé Máthair an Daibhail is sluasad aici ag taosgadh anamnacha isteach go h-Ifrionn. Thug sí fé féin acht ón uair gur dhein sé an trosgadh ní raibh sí ábalta ar aon lámh a dheunamh de. Fuair sé teacht thar n-ais is bhí sgéal nua aige. Bhí sé na naomh as sin amach. Dúbhairt sé tar éis teacht.“Céad moladh le Muire ‘gus dheineas an Aoine
Bheadh mo chuid pola na dortaibh im thimcheall
Bheadh mo chuid feóla na spóla chíor dhubh
Is ó Mhuire Bheannuighthe screadaim óm’ chroidhe ort”- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Kerry