Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Micí Sheáin Dáith. Tá tagairt do Súd i dtosach an leabhair. Cuaidh go h-Aimeirice agus chas ar ais arís cois Chomaraig.Seán Ruadh Ua Súilliobháin d’innisMicí Sheáin Dáith fé ghlas, Com na LeithNauir a théighim go dtí an Currán bíonn náire istigh in mo chroidhe
Ag fir is ag mnáibh ‘na dtáintibh lem taoibh
Ag iomad mo cháis-na barrantaisí tairringighthe ón dlighe
Ag Sighle an t-Súsáin – Labhráis fear a cheasmair bhuidheNuair a théighim go Tráighlí bíonn na mílte glas ar gach ‘hall’
Fallaí geala aoil agus aoirde ná faca in aon áit
Gan fághailt ar bhraon dighe acu acht mo chroidhe chómh tirim leis an gclár
An leabadh nuair a luighim foríor ní codlaim a lán.A Shíghle na nGamhnach ar níl beó
Ní bheidh Labhrás id’ theannta ná leamhnacht na mba agaibh á ól
Is olc a chuaidh t’fhoghluim air is spalpadh na leabhar so gan chlódh
Agus beidh tú agus breall ort agus do tholldruimín in iarthar do Th----nA Shighle gan daonacht sa tsaoghal so nách fad bheidhir buan
Do chuir mé le ‘hard labour’ le leabhar éithig go Tráighlí ó thuaidh
Baileóchamh ár ngaolta go léir agus déanfaidh ár n-easgaire buadhairt
Bainfeam sásamh gan bhuidheachas as plaosgannaibh na ‘Jackenna’ thuaidh.- Faisnéiseoir
- Seán Ruadh Ua Súilliobháin
- Inscne
- Fireann