Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “Raiméisí Cainte”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ráiméis Cainnte
    (a) Cat breac, Broc donn, Corr, cam, cam-eirbeállach. Dhá ceann déag do chataibh breaca broca, donn corra, cama, cam-eirbeallacha.
    (b) Do ruig mo chatsa an chab do chaithse a’s do rug do chat sa ar chab Chait an ghiúiste. Éirigh a chait si fáisg ar chab chait do rug ar chab chait an ghiúistíse.
    (c) Do chaill Donnchadh Mór casóg mhór ar Aonach mhór na Béarnan. Aoinne beag nó mór a gheóbhadh casóg mhór Dhonnchaidh Mhóir í thabhairt do Dhonnchadh Mór mar ná coimeádfadh Donnchadh Mór aon nídh beag ná mór ó aoinne.
    (d) An té thabharfadh gal dom nuair a bheadh an gal aige agus mé gan gal do thabharfainn se gal do nuair a bheadh an gal agam is gan aon ghal aige. Ach an té ná thabharfad gal dom nuair a bheadh an gal aige is gan aon ghail agam ní thabharfainn se gal do nuair a bheadh an gal agam is gan aon gal aige.
    Chuaidh fear go h-aonach lá agus thug leis abhaile luach pingne d’ubhlaibh. Do roinn sé na h-ubhla t’réis teacht abhaile agus seo mar do dhein sé an roinnt. Thug sé ubhall don chléireach agus ubhall dhá mhnaoi, ubhall don Sagart agus ubhall dá drifír is ní bhfuair Sé ar an bpingin acht trí ubhla.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    2. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge